Friday 19 January 2007

Cumann Merriman tribute


Is cúis bhróin an‑mhór do Chumann Merriman bás an Dr. Seán Mhic Réamoinn, inniu 17 Eanáir 2007. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chumainn, ball saoil oinigh agus ball den Choiste Acadúil ab ea é go dtí lá a bháis.

Fear é a thug treoir agus údar machnaimh don Chumann agus is cinnte gur chuir sé go mór le cáil agus le feabhas an Chumainn de bharr a fhlaithiúla is a roinn sé a mhóreolas agus mar gheall ar an domhaintuiscint a bhí aige ar shaol na hÉireann agus ar shaíocht na Gaeilge go háirithe.

Chuir a ghuth cinn sainiúil go mór leis na léamha breátha a rinne sé ag na hócáidí filíochta ar dlúthchuid iad de chlabhsúir Scoileanna Mherriman.

Suaimhneas síoraí go raibh aige.

1 comment:

Póló said...

Is trua linn a imeacht uainn.