Thursday 18 January 2007

Gael Linn

Bhí ionchur suntasach ag Seán Mac Réamoinn in imeachtaí Gael Linn ó na 1950í i leith. Nuair a chuaigh Gael Linn i mbun ceirníní a dhéanamh i 1957, bhí Seán ina chomhairleoir ceoil in éineacht le daoine iomráiteacha eile mar Sheán Ó Riada, Ciarán Mac Mathúna agus Gearóid Mac an Bhua.

An gníomh ba shuntasaí ag Seán ó thaobh Gael Linn de ná na scriptanna a scríobh sé don dá scannán Mise Éire (1959) agus Saoirse? (1961). Rinne sé léiriú freisin ar cheirníní filíochta agus scríobh sé nótaí údarásacha do cheirníní le Seán Ó Riada agus Seosamh Ó hÉanaigh. Ba mhór againn go raibh Seán Mac Réamoinn linn ag imeachtaí chun Iubhaile Órga Gael Linn a cheiliúradh i 2003.

Ach ní féidir a thionchar a mheas i dtéarmaí nithe aonaracha. Pearsa ar leith ab ea é a chothaigh gean agus meas don chultúr gaelach mar gur léir do chách go raibh an dúchas go smior ann féin. Roinn sé a chuid saineolais go lách, fial agus bhí sé ina ionspioráid le barr feabhais a bhaint amach. Leaba i measc naomh Éireann go raibh aige.


Antoine Ó Coileáin

Príomhfheidhmeanach

Gael Linn

No comments: